An bhfuil éinne fós ag iarraidh freastal ar léachtaí? Tuairimí mac léinn faoi thodhchaí léachtaí in ollscoileanna in Éirinn
Ó Cofaigh, Éamon
Ó Cofaigh, Éamon
Loading...
Publication Date
2025
Keywords
Type
journal article
Downloads
Citation
Ó Cofaigh, Éamon, & Rodgers, Ornaith. (2025). An bhfuil éinne fós ag iarraidh freastal ar léachtaí? Tuairimí mac léinn faoi thodhchaí léachtaí in ollscoileanna in Éirinn. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/29623
Abstract
Tá léachtaí mar chuid de thraidisiún na hollscoile le breis is ocht gcéad bliain (Friesen, 2014), agus is gné lárnach den chur chuige teagaisc iad san ollscoil i nach mór chuile dhisciplín. Cé go mbíonn bealaí éagsúla ag léachtóirí chun léacht a reáchtáil, go traidisiúnta, is cineál cumarsáide aontreo a bhíonn i gceist le léachtaí, de ghnáth, ina mbíonn caint gan bhriseadh ó léachtóir agus lucht éisteachta éighníomhach (Bligh, 2000; Twigg, 1999). Sa mheánaois, d’úsáidtí léachtaí mar mhodh teagaisc coitianta, mar go mbíodh leabhair gann agus costasach (Evans, 2022). Mar sin féin, tá an léacht ar cheann de na cuir chuige is mó úsáide san ardoideachas in ainneoin theacht chun cinn teicneolaíochtaí nua agus athruithe ar oideolaíochtaí. Ach, le blianta beaga anuas tá treocht ag fás in ollscoileanna i dtreo na foghlama cumaisc agus teagasc ar an gcampas tacaithe ag Timpeallachtaí Fíorúla Foghlama (TFF), uirlisí amhail taifeadadh ar léachtaí agus córais bhainistíochta foghlama (Robson et al., 2022). Bhrostaigh an phaindéim Covid-19 luas an athraithe seo nuair a cuireadh iallach ar ollscoileanna teagasc a dhéanamh ar líne. I ndiaidh na paindéime, tá go leor Institiúidí Ardoideachais ag ceistiú arís áit na léachta ar an gcampas san oideachas Tríú Leibhéal, agus tá go leor institiúidí ag roghnú curaclaim chumaisc agus léachtaí ar líne. Go deimhin, sa ré iar-Covid, tá fianaise ann ar laghdú ar thinreamh agus ar rannpháirtíocht i léachtaí móra (Uekusa, 2023; Wyatt, 2023). Mar oideachasóirí, tá dualgas orainn inmhianaitheacht agus tairbhe léachtaí sa todhchaí a cheistiú. Chomh maith leis sin, caithfear an cheist a chur: an bhfeiceann mic léinn féin aon luach sa ghné seo dá n-oideachas?
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY