Publication

Conradh na Gaeilge agus Inniu

Ní Uigín, Dorothy
Citation
Ní Uigín, Dorothy. (2024). Conradh na Gaeilge agus Inniu. Léann Teanga: An Reiviú.
Abstract
Gearóid Ó Cuinneagáin a bhunaigh Craobh na hAiséirí, craobh de chuid Chonradh na Gaeilge, sa bhliain 1940; is mar seo a rinne Proinsias Mac an Bheatha, duine de na baill luatha, cur síos ar a bunú (1967: 98–9): ‘Bunaíodh an chraobh ag cruinniú a tionóladh ag 55 Sráid Uí Chonaill Íochtarach, Baile Átha Cliath, ar an 26ú Meán Fómhair, 1940…’ Ba léir ón méid a deir sé an phráinn a samhlaíodh leis an obair a bhí le déanamh ag an gCraobh nua – ‘Gearóid Ó Cunneagáin agus Caoimhín Ó Seachnasa a ghairm an cruinniú…Bhí Gearóid Ó Cuinneagáin ina chathaoirleach ar an chruinniú tionscnaimh. Dúirt sé agus é ag míniú chuspóirí na craoibhe, gur léir mura dtabharfaí tarrtháil ar an Ghaeilge gan mhoill go gcaillfí í go brách…’ Tá an mhífhoighid a bhraith bunaitheoirí na craoibhe seo le ceannairí Chonradh na Gaeilge soiléir anseo. I mí na Samhna, 1942, scar Craobh na hAiséirí leis an gConradh ar fad, ar ndóigh, ach i mí na Nollag sa bhliain chéanna, tharla scoilt i gCraobh na hAiséirí féin agus bunaíodh Glún na Buaidhe. Is i mí an Mhárta (Lá ’le Pádraig) den bhliain dar gcionn a chuir Glún na Buaidhe an chéad eagrán de Inniu amach, nuachtán a mhair breis agus ceathracha bliain agus inar pléadh cuid mhór de na hiarrachtaí a rinne an Ghlún leis an nGaeilge agus an ‘náisiún Gaelach’ a chur chun cinn. Dúirt Proinsias Mac an Bheatha (1967: 140) gur ‘Gléas oibre a bhí i nGlúin na Bua. Ní raibh aon chuspóir eile againn ach seirbhís a thabhairt don Ghaeilge – agus don náisiún’.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivatives 4.0 International