Oideolaíochtaí um Theagasc an Léireolais do Bhunmhúinteoirí faoi Oiliúint
Ní Dhiorbháin, Aisling
Ní Dhiorbháin, Aisling
Loading...
Identifiers
Publication Date
2018
Keywords
Type
Article
Downloads
Citation
Ní Dhiorbháin, Aisling. (2018). Oideolaíochtaí um Theagasc an Léireolais do Bhunmhúinteoirí faoi Oiliúint. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/8mn4-rk45
Abstract
Déanfar cur síos sa pháipéar seo ar thionscadal taighde modhanna measctha leabaithe (CAINN (cáil))[2] a cuireadh i bhfeidhm le hiniúchadh a dhéanamh ar cé acu cur chuige follasach, cur chuige déaduchtach nó cur chuige ionduchtach-follasach, ab éifeachtaí le forbairt a dhéanamh ar léireolas[3] grúpa bunmhúinteoirí faoi oiliúint (MFO) sa Ghaeilge. Grúpa MFO (N = 75) sa dara bliain den chéim Baitsiléara san Oideachas (BOid) a bhí mar rannpháirtithe sa taighde. Cuireadh cur chuige ionduchtach-follasach i bhfeidhm le dhá ghrúpa agus cur chuige déaduchtach i bhfeidhm le dhá ghrúpa, agus ní raibh aon idirghabháil sa dá rang-ghrúpa eile, a d’fheidhmigh mar ghrúpa cóimheasa sa chuasai-thriail. Mhair an idirghabháil caoga nóiméad sa tseachtain i rith ocht seachtaine sa chéad seimeastar den bhliain acadúil 2015/2016, agus ba í an taighdeoir féin a bhí mar theagascóir ar na grúpaí turgnamhacha. Léirigh torthaí cainníochtúla an staidéir tomhas mór éifeachta don dá chur chuige follasacha, le claonadh i dtreo an chur chuige ionduchtach-follasaigh mar an cur chuige is éifeachtaí i gcodanna áirithe den triail. Bailíodh eolas cáilíochtúil ó dhá ghrúpa fócais (n = 12) le léargas a fháil ar dhearcadh na MFO i leith na hidirghabhála. Tugann an t-eolas cáilíochtúil le fios go bhféadfadh leas sa bhreis a bheith ag cur chuige ionduchtach-follasach in oideachas MFO i dtaobh múnlú a dhéanamh ar oideolaíocht a bheadh inmholta don seomra ranga bunscoile. Sonraíonn torthaí an taighde gur chóir cur chuige follasach a chur i bhfeidhm i dteagasc an léireolais do MFO sna hinstitiúidí oideachais, agus gur chóir neart ama a thabhairt dó. Eascraíonn moltaí ón taighde d’oideachas MFO sa Ghaeilge.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE