"Solas i nDorchadas": Staidéar soch-chultúrtha ar scéalta draíochta as Dúiche Sheoigheach
Nic Giolla Chomhaill, Ailbhe
Nic Giolla Chomhaill, Ailbhe
Loading...
Publication Date
2018-02-23
Keywords
Type
Thesis
Downloads
Citation
Abstract
Sa tráchtas seo, déantar scéalta béaloidis a bhí á n-insint go fuinniúil, fonnmhar i bpobal ar leith san am atá caite a scrúdú go mion d’fhonn léargas a thabhairt ar thábhacht na scéalta agus na scéalaíochta ar leibhéal sóisialta. Is é an pobal atá i gceist ná bailte fearainn áirithe i nGaeltacht Dhúiche Sheoigheach, i gCo. na Gaillimhe agus Mhaigh Eo, agus is é an bailiúchán a chuimsítear ná an cnuasach scéalta a bhailigh Proinnsias de Búrca, bailitheoir lánaimseartha le Coimisiún Béaloideasa Éireann, sa cheantar sin idir 1935-37. Déantar an cnuasach a shuíomh sa timpeallacht shoch-chultúrtha inar tiomsaíodh é trí ghrinnléamh a dhéanamh ar thaithí agus ar chur chuige an bhailitheora agus é i mbun bailithe agus fiosraítear na cúinsí éagsúla a raibh tionchar acu ar a mheon i leith an bhéaloidis. Ina theannta sin, féachtar lenár dtuiscint ar mhúnla reacaireachta an scéil dhraíochta, mar a bhaineann sé le traidisiún béil na hÉireann, a mhéadú trí fheidhm a bhaint as teoiricí ó léann an bhéaloidis agus ó léann an scéil dhraíochta, go sonrach. Saintuiscint den tráchtas is ea gur fheidhmigh na scéalta draíochta chun luachanna agus gnásanna an chomhphobail a sheachadadh agus a bhuanú i measc na mball agus chun aontacht agus ardú meanma a chothú i measc daoine a raibh taithí mhaith acu ar laincisí an leatroim agus na bochtaineachta. Ina theannta sin ámh, áitítear go raibh feidhm thábhachtach ag na scéalta ar bhonn pearsanta, óir cheadaigh múnla fantaiseach an scéil dhraíochta don scéalaí a lorg féin a fhágáil ar oidhreacht chultúrtha a mhuintire agus stádas a bhaint amach dó féin sa chomhphobal agus fiú amháin níos faide i gcéin, mar ealaíontóir béil. Trí mhúnla anailíse a fhorbairt a cheadóidh dúinn rogha de na scéalta seo a léamh mar cháipéisí cultúrtha a bhfuil dlúthnasc acu le cúinsí maireachtála na scéalaithe agus a bpobal éisteachta, féachtar leis an bhearna idir an chartlann agus an saol ónar eascair sí a mhaolú. Táthar ag súil, mar sin de, go méadóidh an tionscnamh seo ár dtuiscint ar thraidisiún agus ar oidhreacht na scéalaíochta dúchasaí in Éirinn.
Funder
Publisher
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland