Publication

‘Ainm bréige go dtiocfad fíor’ Filíocht Bhiddy Jenkinson agus Teoiric na Feiniméaneolaíochta

de Búrca, Máire
Citation
Abstract
Cuirim romham sa tráchtas seo staidéar a dhéanamh ar fhilíocht agus ar fhealsúnacht fhileata an scríbhneora, Biddy Jenkinson. Is duine de mhórscríbhneoirí na Nua-Ghaeilge í. Is ainm cleite é an t-ainm Biddy Jenkinson, rud a fhágann go bhfuil mistéir ar leith ag baint leis an scríbhneoir ildánach seo. Sa tráchtas seo, déanfar an cur chuige feiniméaneolaíoch a chur i bhfeidhm ar fhilíocht Bhiddy Jenkinson. Is teoiric fhealsúnach í an fheiniméaneolaíocht a dhéanann anailís chórasach ar an gcomhfhios. Déanann an fheiniméaneolaíocht, mar sin, scrúdú ar mhórcheisteanna fealsúnacha na tuisceana agus an eolais. Díreofar sa tráchtas seo ar an mbealach go ndéanann Jenkinson anailís ar phróiseas a cuid tuisceana féin ina saothar fileata trí chéile. Deir Jenkinson: ‘Níl rogha ag an intinn fhiafraitheach ach a bheith ar thóir feasa - agus is deacair intinn fhileata nach intinn fhiafraitheach í, a shamhlú. "Cad chuige, Cén chaoi”?’1 Déanann an fheiniméaneolaíocht staidéar ar an gcomhfhreagras idir comhfhios an duine agus an domhan. Sa teoiric fheiniméaneolaíoch, cuirtear an ‘lifeworld’ nó an saoldomhan ar an tuiscint atá againn trí mheán an chomhfheasa ar an saol agus ar an domhan. Déanfar staidéar ar an gcaoi go n-eascraíonn léargaisí spéisiúla d’fhealsúnacht fhileata Jenkinson as an gcomhfhreagras atá le rianú idir comhfhios shuibiacht scríbhneoireachta na ndánta seo agus an domhan. Coincheap lárnach sa tráchtas seo is ea an tsuibiacht i bhfilíocht Bhiddy Jenkinson. Pléifear an chaoi go dtagann suibiacht scríbhneoireachta na ndánta seo i láthair i mbealaí éagsúla agus suntasacha mar gheall ar úsáid an ainm chleite. Déanfar plé, chomh maith céanna, ar an idirghabháil idir suibiachtaí – an idirshuibiachtúlacht - ar téarma feiniméaneolaíoch é. Díreofar ar an gcaoi gur claonadh lárnach i bhfilíocht Bhiddy Jenkinson é a léargas ar an idirshuibiachtúlacht. Cuid lárnach den tráchtas seo ná an cúram a dhéanann Jenkinson den teanga agus den traidisiún Gaeilge. 1Biddy
Funder
Publisher
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland