Álainn, Éagsúil, Baineann agus Díbeartha: Léirmheas ar Cuma agus Claochmú / Mutagenesis le Deirdre Brennan
Whelton, Marie
Whelton, Marie
Loading...
Identifiers
Publication Date
2023
Type
Article
Downloads
Citation
Whelton, Marie. (2023). Álainn, Éagsúil, Baineann agus Díbeartha: Léirmheas ar Cuma agus Claochmú / Mutagenesis le Deirdre Brennan. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/z6a3-2620
Abstract
Dhá dhráma – dráma Gaeilge agus dráma Béarla – i dtrí ghníomh is ea Cuma agus Claochmú / Mutagenesis le Deirdre Brennan. Is leaganacha athchóirithe cruthaitheacha iad na drámaí de sheanscéal miotaseolaíochta faoi bhandia an talaimh – Eachtra Airt Meic Cuind Agus Tochmarc Delbchaime Ingine Morgain (Best, 1907). Is í Bécuma príomhcharachtar an tseanscéil agus na ndrámaí agus díbríodh í óna tír féin de bharr ‘peaca.’ Cé go gcuirtear Bécuma i láthair mar leagan de phearsantú an talaimh, is féidir, freisin, go seasann sí sna drámaí do mhná eile a díbríodh óna dtíortha dúchais toisc nár lean siad na rialacha moráltachta a bhíodh á gcleachtadh ag a bpobail dhúchasacha – tagann mná ar nós Nóra Mharcais Bhig agus Mahsa Amini chun cuimhne, mar shampla. Mar is dual do na scéalta miotaseolaíochta, bogann na drámaí go héasca idir an saol réalaíoch agus an saol eile, ach bogann siad, freisin, idir tréimhsí ama éagsúla (15–6 agus 22) – idir an aimsir chaite agus an aimsir láithreach – agus is í an ghné sheach-stairiúil sin de na drámaí a léiríonn go bhfuil a seantéama fós ábhartha sa lá atá inniu ann. Ar an ábhar sin, féachfar sa léirmheas seo, ar an léargas a thugann an dráma Gaeilge ar an díbirt (nó an milleánú) mar fheiniméan il-aoiseach uilíoch a leanann go seasmhach in eispéireas an chine dhaonna in ainneoin na gclaochluithe go léir a dtagraíonn teideal an dráma dóibh.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE