Publication

Diúltach nó Dearfach? Mianadóireacht Tuairime ar Ghiolcacha Gaeilge

Lane, Caoilfhionn
Citation
Lane, Caoilfhionn. (2018). Diúltach nó Dearfach? Mianadóireacht Tuairime ar Ghiolcacha Gaeilge. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/2gjc-j517
Abstract
Teicneolaíocht Teanga na Gaeilge Is éard is Teicneolaíocht Teanga ann ná an réimse sin, idir an ríomhaireacht agus an teangeolaíocht, ina ndéanann taighdeoirí anailís agus ionramháil, go minic go huathoibríoch, ar théacs, cibé teanga ina bhfuil sé scríofa. Tá iliomad uirlisí agus modhanna ar fáil don té atá ag obair le teicneolaíocht teanga an Bhéarla, agus dá thoradh seo tá dul chun cinn suntasach déanta i réimsí ar nós an aistriúcháin uathoibríoch, téacs go caint, agus anailís ar thopaicí. Le blianta beaga anuas pléadh go cuimsitheach na dúshláin a bhaineann le teicneolaíocht teanga na Gaeilge (féach, mar shampla, Judge et al., 2012). Tá dul chun cinn ar leith déanta sa réimse seo i nGaeilge, mar shampla san aistriúchán uathoibríoch (Dowling et al., 2015; Arčan et al., 2016), agus san anailís theangeolaíoch de théacs Gaeilge (Lynn et al., 2017). In ainneoin sin, i gcomparáid leis na mórtheangacha, tá an Ghaeilge fós gann in acmhainní ó thaobh teicneolaíochta teanga de, agus dá bharr tá sé níos deacra ag taighdeoirí modhanna teicneolaíochta teanga a chur i bhfeidhm ar théacs Gaeilge.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE