Loading...
Dubh, geal, riabhach: An nádúr, an baineann, agus an traidisiún i bhfilíocht Bhiddy Jenkinson (1986-2001)
Ní Choistealbha, Laoighseach
Ní Choistealbha, Laoighseach
Files
2025NíChoistealbhaPhD.pdf
Adobe PDF, 1.37 MB
- Embargoed until 2028-02-05
Citations
Altmetric:
Publication Date
2026-02-06
Type
doctoral thesis
Downloads
Citation
Abstract
Déanann an taighde seo staidéar ar shaothar Bhiddy Jenkinson, idir aistí neamhfhicsin agus fhilíocht, sa tréimhse 1986-2001. Is duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge í Jenkinson, a bhfuil cúig chnuasach filíochta foilsithe aici sa tréimhse a bheidh faoi chaibidil sa tráchtas seo, maraon le haistí agus ailt (i nGaeilge agus i mBéarla) ina bhforbraíonn sí a fealsúnacht radacach i leith an nádúir, na beatha, agus thraidisiún na Gaeilge. Sa tráchtas seo, déanfar filíocht agus fealsúnacht Jenkinson a chíoradh mar chuid lárnach den chlár cheannródaíoch oibre ar chuir sí tús leis in 1986, nuair a d’fhoilsigh sí an chéad chnuasach filíochta dá cuid, Baisteadh Gintlí. Léireoidh an taighde seo gurbh í Jenkinson ba thúisce agus ba mhinice i measc scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge a chuaigh i ngleic le ceisteanna óinteolaíocha a bhaineann leis an duine, an bheatha, an bhás, agus an timpeallacht ina saothar, agus go bhfuil meon ceannródaíoch aici maidir le ról an duine san éiceachóras agus cúram cruthaitheach an fhile. Tá sé seo soiléir óna scríbhinní fealsúnacha ina bpléann sí cúram na filíochta go soiléir.
Mar fhealsúnaí agus mar fhile, bíonn Jenkinson ag machnamh ar ghnéithe uile na beatha: an fhlúirse, an foréigean, an t-aiteas, an pléisiúr, agus an greann, an léargas dubh agus an léargas geal ar an bheatha. Ina focail féin, bíonn sí ‘beo ar pharadacsaí’ (in Rosenstock 1985: 34). Pléann sí saoirse iomlán na beatha agus impleachtaí na saoirse sin: an bás, an marú, an fhulaingt, an bréantas, an salachar, an lobhadh, agus araile. In ainneoin go maíonn sí ina cuid filíochta nach ndíríonn sí ar chúrsaí reatha an lae inniu (OB, 86), is iondúil go dtugann sí aghaidh ar an lá atá inniu ann ina saothar frí thagairt a dhéanamh don traidisiún liteartha agus go dtéann sí i ngleic leis an domhan máguaird le fiosracht agus le greann. Ina cuid filíochta agus ina cuid próis, neadaítear an traidisiún agus personae an traidisiúin i saol ár linne agus labhraíonn na carachtair ón stair agus ón mhiotaseolaíocht go díreach leis an léitheoir, mar dhea is gur rannpháirtithe beo in éagsúlacht na beatha iad.
Ní dhéanann Jenkinson iarracht contrárthachtaí ná paradacsaí a chur faoi cheilt ná a réiteach ina cuid dánta, cé gur ar thóir sintéise a bhíonn sí: ar thóir an ruda a chuimsíonn an áilleacht agus an ghránnacht, an pléisiúr agus an foréigean, an greann agus an fhulaingt, gan gné ar bith d’eispéireas na beatha a bhrú faoi chois. Is annamh a chuireann a cuid nádúrfhilíochta teachtaireacht theagascach ná cinnteacht mhorálta ina luí ar an léitheoir. Ní nós léi freagraí cinnte a thabhairt, ná conclúidí a chur ar fáil. Is san fhilíocht oscailte, fhlúirseach seo, dar liom, atá an nádúrfhilíocht is radacaí agus is dúshlánaí sa Ghaeilge chomhaimseartha. Mar bhealach amháin le dul i ngleic le dúshlán na filíochta seo, pléifear teoiric na héicichritice sa tráchtas seo freisin, ionas go bhfaighfear amach an oireann a leithéid de chur chuige teoiriciúil do shaothar radacach Jenkinon.
Cíorfar a saothar fileata agus fealsúnach ó 1986, nuair a foilsíodh an chéad chnuasach dá cuid, Baisteadh Gintlí, go dtí an bhliain 2001, nuair a foilsíodh an dán fada Mis, an dán ina gcomhlíonann sí an fhealsúnacht i leith na beatha agus an traidisiúin a bhí á forbairt aici sa luathshaothar. Cíorfar saothar na tréimhse seo go speisialta, ach sa chonclúid cuirfear an tréimhse 1986-2001 i gcomhthéacs a saothair iomláin ó 1986 go dtí 2017.
Publisher
University of Galway
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND