Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha mar ghníomh de chuid bheartas teanga Chumann Lúthchleas Gael (CLG)
Mac Uidhir, Ciarán
Mac Uidhir, Ciarán
Loading...
Identifiers
Publication Date
2023
Keywords
Type
Article
Downloads
Citation
Mac Uidhir, Ciarán. (2023). Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha mar Ghníomh de chuid Bheartas Teanga Chumann Lúthchleas Gael (CLG). Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/e9a1-2109
Abstract
Dírítear san alt seo ar thionscnamh Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha (FSMD), tionscnamh atá á chur i bhfeidhm ag Cumann Lúthchleas Gael (CLG) i gcomhpháirtíocht le Glór na nGael chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gclubanna CLG. Is eagraíocht náisiúnta é CLG a bhfuil clubanna dá chuid lonnaithe i nach mór gach paróiste sa tír (Ó Conchubhair, 2009) agus a bhfuil na mílte oibrí deonach ag obair léi go síoraí seasta lena haidhmeanna a chur i gcrích. Is ceanneagraíocht é Glór na nGael, faoi stiúir Fhoras na Gaeilge, a bhfuil sé mar phríomhchúram aici forbairt pobail agus eacnamaíochta a chothú. Chuir CLG an tionscnamh ‘Turas Teanga’ i ngníomh i gcomhpháirtíocht le Glór na nGael ó 2013 i leith, agus reáchtáladh ceardlanna teanga do chlubanna CLG mar chuid de. Aithníodh nach raibh leanúnachas ag baint leis an scéim sin, áfach, agus socraíodh in 2017 ar Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha a chur ar bun (Nic Seoin, 2022). Is é cuspóir na fondúireachta seo na hiarrachtaí atá ar bun ag na clubanna ar son na teanga a fhorbairt ar bhonn tomhaiste agus pleanáilte (Glór na nGael, 2019). Scéim chéimnithe atá in FSMD ina leagtar amach 70 sprioc a chuimsíonn (i) sealbhú na teanga, (ii) stádas na teanga agus (iii) úsáid na teanga ar mhaithe le húsáid na teanga a bhainistiú sna clubanna. Bronntar bonn cré-umha, bonn airgid nó bonn óir ar chlubanna de réir líon na spriocanna a bhaintear amach i gcaitheamh na bliana. Dar le lámhleabhar na Fondúireachta, bronntar bonn cré-umha ar chlubanna a bhainneann 25% den liosta spriocanna amach, bonn airgid i gcás 50% agus bonn óir i gcás 80% de na gníomhaíochtaí a chomhlíonadh (Glór na nGael, 2022). Cuireann Glór na nGael deontais ar fáil do na clubanna atá páirteach sa scéim, anuas ar thacaíocht agus comhairle ó Oifigigh Fhorbartha atá lonnaithe timpeall na tíre. Cuimsíonn an beartas teanga, dar le Spolsky (2004), (i) Creidimh agus (ii) Cleachtais teanga chomh maith leis an gcaoi a ndéantar (iii) Bainistíocht ar na creidimh agus ar na cleachtais sin. Tá sé mar aidhm ag spriocanna FSMD tionchar dearfach a imirt ar na trí réimse sin ag leibhéal na gclubanna atá páirteach sa tionscnamh. Ó thaobh an bheartais teanga ag leibhéal an phobail de, áitítear go bhfuil féidearthachtaí as cuimse ag eagraíocht fearacht CLG, a bhfuil fochumainn aige i ngach paróiste in Éirinn, chun tionchar dearfach a imirt ar fheiceálacht agus ar úsáid na teanga agus ar dhearcthaí ina leith. Ina fhianaise sin, agus i bhfianaise áiteamh CLG gurb í an Ghaeilge ceann dá bhunchlocha cultúrtha, (CLG, 2018: 2, 4) is fiú a fhiosrú an bhfuil CLG i gcomhpháirtíocht le Glór na nGael ag teacht i dtír ar an deis agus ar an gcumhacht atá acu na féidearthachtaí sin a chur i gcrích. D’fhonn an cheist seo a chíoradh, cuireadh agallaimh leathstruchtúrtha cháilíochtúla ar Oifigeach Gaeilge CLG, Jamie Ó Tuama, agus ar bhainisteoir thogra FSMD i nGlór na nGael, Caitríona Nic Seoin, ar mhaithe le léargas a fháil ar bheartas oifigiúil teanga CLG agus ar na féidearthachtaí a bhaineann le FSMD, dar leo. San alt seo, féachfar ar chúlra cultúrtha CLG ón am a bunaíodh é le linn na hAthbheochana Cultúrtha ag deireadh an 19ú haois agus ar áit na teanga san eagraíocht chomhaimseartha. Úsáidfear lionsa anailíse an nuachainteora, chomh maith le coincheap an spáis ghaoil, san alt seo chun meabhair a bhaint as an méid a dúradh sna hagallaimh agus as gníomhaíochtaí FSMD le féachaint an dtagann an cleachtas iarbhír le beartas follasach CLG.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE