Loading...
Ligeann an Ghaeilge chuici is uaithi ar na meáin shóisialta: Cás-Staidéar ar an suíomh Twitter
Ní Chonaill, Raymona
Ní Chonaill, Raymona
Files
Citations
Altmetric:
Identifiers
Publication Date
2021
Keywords
Type
journal article
Downloads
Citation
Ní Chonaill, Raymona. (2021). Ligeann an Ghaeilge chuici is uaithi ar na meáin shóisialta: Cás-Staidéar ar an suíomh Twitter. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/t2z8-cn60
Abstract
Tá athrú thar cuimse tar éis teacht ar an úsáid a bhaintear as na meáin le blianta beaga anuas. Ó tháinig na meáin shóisialta ar an bhfód scór bliain ó shin, agus an fhoilsitheoireacht thraidisiúnta ag athrú de shíor, tá úsáid na meán i ndiaidh forbairt ó bhonn ó thús Ré na Faisnéise. Úsáidtear na meáin seo ar bhealaí ilghnéitheacha; ní hamháin le coimeád ar an eolas faoi chúrsaí reatha agus ar ghluaiseachtaí sóisialta, ach is iad tábhacht na rannpháirtíochta agus coincheap an phobail tréithe nua na meán sa lá atá inniu ann. Is mian le daoine ar fud an domhain páirt a ghlacadh san fheiniméan sóisialta seo. I gcás na Gaeilge, is léir go soláthraíonn na meáin shóisialta deis don mhionteanga seo chomh maith. Tugann ardáin faoi leith de chuid na meán sóisialta seans do chainteoirí Gaeilge a bpobail teanga a aimsiú ar athuair tar éis dóibh a bheith scartha óna chéile go stairiúil, go polaitiúil agus ó thaobh na tíreolaíochta de. Is é príomhaidhm an ailt seo iniúchadh a dhéanamh ar an ardán Twitter mar uirlis a éascaíonn an caidreamh idir an Ghaeilge agus a pobal domhanda. Ceann de phríomhthorthaí an taighde seo ná gur gléas í an Ghaeilge i bpróiseas na féiniúlachta a chur in iúl ar líne. Chomh maith leis sin, léirítear gur uirlis nua atá in ábhar Twitter a d’fhéadfadh cuidiú le stádas na teanga a shoilsiú. Ar mhaithe le hanailís chuimsitheach a dhéanamh, sa léirbhreithniú litríochta pléitear an taighde atá déanta go dtí seo sna príomhréimsí lena mbaineann, mar atá, an tsíceolaíocht, an tsocheolaíocht agus an teangeolaíocht. Lena chois sin, scrúdaítear na pobail fhíorúla agus déantar iarracht na castachtaí a bhaineann le coincheap an téarma ‘pobal’ a thabhairt chun solais agus a mheas i gcomhthéacs sealbhú na Gaeilge. Ar an gcéad dul síos, déantar soiléiriú ar thábhacht na féiniúlachta sa tsochaí. Áitítear gur féidir leas a bhaint as teangacha ar mhaithe le heitneacht ar leith a chur chun cinn (Gans, 1979; Waters, 1990; Sullivan, 2010). Sa chás sin, déantar trácht ar an nGaeilge mar uirlis chun féiniúlacht a chruthú ar líne. Ina dhiaidh sin, pléitear an tionchar a mheastar atá ag Twitter ar an nGaeilge agus ar a pobal. Déantar anailís ar infheictheacht na Gaeilge ar Twitter, agus ar an méadú atá ag teacht uirthi sin. Agus an ghné sin pléite, díríonn an anailís ar cheist na rannpháirtíochta do phobal na Gaeilge ar Twitter agus ar ghnéithe faoi leith den ardán a éascaíonn an rannpháirtíocht chéanna, mar atá, an haischlib (#).
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY