Publication

An t-ómós áite i saothar léinn agus litríochta an Ollaimh Breandán S. Mac Aodha

Ní Uigín, Dorothy
Citation
Ní Uigín, Dorothy. (2025). An t-ómós áite i saothar léinn agus litríochta an Ollaimh Breandán S. Mac Aodha. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/29626
Abstract
Bhí Breandán S. Mac Aodha (1934–2001) ar dhuine de na scoláirí ba thábhachtaí a rinne staidéar ar logainmneacha na hÉireann san 20ú haois. Bhí sé ina chéad ollamh le tíreolaíocht in Ollscoil na Gaillimhe agus ina chomhbhunaitheoir roimhe sin ar Studia Hibernica i gColáiste Phádraig, Baile Átha Cliath. Bhí sé ina stiúrthóir ar An tSuirbhéireacht ar Ghaeltacht na Gaillimhe Gaillimhe (1969 & 1971), agus d’ullmhaigh sé roinnt foclóirí a bhain le réimse na tíreolaíochta – Foclóir Tíreolaíochta (1972) agus Tíreolaíocht agus Pleanáil (1981), mar shampla, chomh maith le Sráidainmneacha na hÉireann (1992) i gcomhar le scríbhneoirí eile, agus faoi choimirce an Choimisiúin Logainmneacha. Chaith sé féin roinnt mhaith blianta ina bhall den Choimisiún freisin. Pléifear a oidhreacht i réimse léinn na háitainmníochta agus na tíreolaíochta san alt thíos, ach chomh maith leis sin, breathnófar ar ról na logainmneacha i bhfilíocht Bhreandáin Mhic Aodha. Chleacht sé ceird na filíochta i gcaitheamh a shaoil, agus scagfar go sonrach na dánta ina chnuasach filíochta Uaimheolaíocht a d’fhoilsigh sé in 2000 – bliain sular bhásaigh sé – agus ina bhfuil tábhacht an ómóis áite le feiceáil go soiléir.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivatives 4.0 International