Publication

An Tumoideachas Tríú Leibhéal agus an Ollscolaíocht trí Ghaeilge: Eispéireas Foghlama na Mac Léinn

Ní Chualáin, Fiona
Citation
Ní Chualáin, Fiona. (2013). An Tumoideachas Tríú Leibhéal agus an Ollscolaíocht trí Ghaeilge: Eispéireas Foghlama na Mac Léinn. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/39sh-b889
Abstract
Réamhrá agus Cúlra an Taighde Tá borradh tagtha faoin éileamh maidir le hoideachas bunleibhéil agus dara leibhéal trí mheán na Gaeilge in Éirinn le 40 bliain anuas. Léiríonn an fhorbairt a tháinig ar líon na ngaelscoileanna an t-éileamh seo (Gaelscoileanna, 2013). Tá an-chuid taighde déanta ar chóras an tumoideachais, .i. múineadh tríd an dara teanga (T2), i gCeanada ó na seascaidí i leith a léiríonn gur múnla oideachais an-éifeachtach é ó thaobh shealbhú agus fhorbairt an dara teanga (Cummins, 1998; Swain agus Lapkin, 1986; Swain, 1996), go háirithe ó thaobh fhorbairt na scileanna gabhchumais (tuiscint agus léamh). Is le blianta beaga anuas atá ardú beag tagtha ar an méid taighde atá á dhéanamh ar an gcóras tumoideachais in Éirinn. Díríonn taighde Hickey (1997), Ó Muircheartaigh & Hickey (2008), Harris et. al. (2006), Walsh (2007) agus Ó Duibhir (2009), mar shampla, ar an gcóras Gaelscolaíochta ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal. In ainneoin an bhorrtha atá tagtha faoin oideachas trí Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal níor tháinig an fhorbairt chéanna ar sholáthar cúrsaí trí mheán na Gaeilge ag an tríú leibhéal. Cé go raibh ról suntasach ag an nGaeilge mar mheán teagaisc in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh léiríonn Bohan (2009) gur tháinig meath ar an teagasc trí mheán na Gaeilge san ollscoil idir na blianta 1929 agus 2006. Deir Ó Cinnéide nuair a rinneadh infheistíocht mhór san oideachas tríú leibhéal sa tír seo, nach léir dó “gur deineadh forbairt ar chúrsaí trí Ghaeilge ar an scála céanna” (2004: 52). Creideann Ó Cinnéide go ndearnadh faillí mhór i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nuair nár freastalaíodh ar riachtanais na bpobal sin oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge a sholáthar dóibh. Níl aon taighde déanta ar an tumoideachas tríú leibhéal in Éirinn ná ar an ollscolaíocht trí Ghaeilge mar mhúnla foghlama go fóill agus is beag taighde atá déanta ar an ábhar seo go hidirnáisiúnta ach oiread. Léireoidh an páipéar seo peirspictíocht agus taithí na mac léinn ar an tumoideachas tríú leibhéal. Scrúdaíonn formhór an taighde ar an tumoideachas cumas na bhfoghlaimeoirí sa dara teanga, ach mar a deir de Courcy (2002: 3) ‘we still know little about students’ immersion learning processes and experience’. Tabharfaidh an páipéar seo léargas dúinn ar eispéireas agus riachtanais foghlama na mac léinn, ar an ollscolaíocht trí Ghaeilge agus ar an tumoideachas tríú leibhéal. Déanfar cíoradh agus scagadh ar eispéireas foghlama na mac léinn a bhí ag tabhairt faoin gcéim sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in 2012.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE