Publication

Ó ‘clábar’ go ‘clobber’ agus an t-athrú cló: forás brí ainmfhocail de bhunús Gaeilge i dTalamh an Éisc le himeacht ama

Citation
Murphy, Kate. (2025). Ó ‘clábar’ go ‘clobber’ agus an t-athrú cló: forás brí ainmfhocail de bhunús Gaeilge i dTalamh an Éisc le himeacht ama. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/29630
Abstract
Agus ré na teicneolaíochta linn bíonn gá le téarmaí nua a chumadh go rialta le dul i ngleic le riachtanais teanga na sochaí: focail ar nós ‘féinín’ agus ‘clicmhealladh’, mar shampla. Léirítear riachtanais teanga éagsúla a thagann chun cinn ó ghlúin go glúin agus an saol ag athrú. Anuas air sin, is minic a bhíonn focail iasachta fite fuaite i dteangacha agus iad á n-úsáid go nádúrtha ag an bpobal labhartha: leithéidí tsunami, avatar, sudoku, cul-de-sac, cuirim i gcás. Is díol spéise go nglactar leis na leaganacha iasachta sin de réir a chéile, rud a léiríonn an meascadh cultúrtha a tharlaíonn beagnach i ngan fhios don phobal labhartha agus an chaoi a mbíonn teangacha ag athrú de shíor dá bhrí sin. Ní heisceacht í an Ghaeilge agus í ag athrú leis na cianta. Is é aidhm an ailt seo, mar sin de, díriú ar athrú céille ainmfhocail de bhunús Gaeilge i dTalamh an Éisc mar shampla ar leith den phróiséas athraithe sin. Déanfar iniúchadh agus anailís ar raon samplaí atá le fáil sa Dictionary of Newfoundland English (Story et al., 1982) trí lionsa na staire agus na teangeolaíochta, chun patrúin shuntasacha éagsúla a thabhairt chun solais maidir leis an bhforás brí a tharla do na focail sin le himeacht ama.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY