Oideolaíocht an Trasteangaithe i mBunscoileanna na hÉireann: Páipéar Seasaimh ar a Poitéinseal i gComhthéacsanna Áirithe
Ó Brolcháin, Conchúr
Ó Brolcháin, Conchúr
Loading...
Identifiers
http://hdl.handle.net/10379/17535
Repository DOI
Publication Date
2017
Keywords
Type
Article
Downloads
Citation
Ó Brolcháin, Conchúr. (2017). Oideolaíocht an Trasteangaithe i mBunscoileanna na hÉireann: Páipéar Seasaimh ar a Poitéinseal i gComhthéacsanna Áirithe. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/5e36-a046
Abstract
Is fealsúnacht oideachais é an trasteangú (Trawsieithu sa Bhreatnais agus Translanguaging sa Bhéarla) atá tagtha go mór chun cinn le fiche bliain anuas i réimse an oideachais dhátheangaigh. Tagraíonn sé d’idé-eolaíocht mhúinteoireachta ina ligtear do dhaltaí scoile a répertoire iomlán teanga a úsáid sa seomra ranga, chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh, gan a bheith teoranta do theanga ainmnithe, oifigiúil amháin. Tháinig an téarma ‘trasteangú’ chun cinn sa Bhreatain Bheag chun cur síos a dhéanamh ar na cleachtais chumarsáide atá ag daltaí dátheangacha maidir le dhá theanga a úsáid in aon cheacht amháin, ‘Translanguaging is the process of making meaning, shaping experiences, gaining understanding and knowledge through the use of two languages’ (Baker, 2011: 228). Téann an fhealsúnacht seo in aghaidh na tuisceana reatha i measc roinnt oideachasóirí, gur ceart teangacha a scaradh go hiomlán óna chéile sa seomra ranga. Tugtar saoirse do dhaltaí úsáid a bhaint as dhá theanga ionas go mbeidh siad in ann cumarsáid níos éifeachtaí a dhéanamh agus déantar neamhaird iomlán den chur chuige ‘two solitudes’ ina scagtar dhá theanga go hiomlán óna chéile san fhoghlaim (Cummins, 2008). I mbunscoileanna na tíre seo ina bhfuil mionlach ag labhairt teanga áirithe sa seomra ranga (An Pholainnis, An Fhraincis nó An Araibis, mar shampla), chiallódh fealsúnacht mar seo go bhféadfadh an múinteoir ranga ceacht a mhúineadh trí Bhéarla (T2 na ndaltaí sin) nó trí Ghaeilge (T3 na ndaltaí), ach ina dhiaidh sin ligean dóibh an t-ábhar a phlé agus gníomhaíocht ranga a dhéanamh ina máthairtheanga féin (T1). Bheadh aiseolas le tabhairt acu trí Bhéarla tar éis na gníomhaíochta ag deireadh an cheachta agus iad ag gluaiseacht ó theanga go teanga gan constaic ar bith. Braitear anois go mbaineann buntáistí áirithe do na daltaí i gcur chuige mar seo. Láidrítear féiniúlacht na ndaltaí trí thacaíocht a léiriú dá máthairtheanga; méadaítear ar a dtuiscint ar an ábhar idir lámha agus iad i mbun oibre sa teanga is nádúrtha dóibh, agus tugtar deis luachmhar dóibh an dátheangachas, nó an t-ilteangachas fiú, a bhaint amach (García, 2009a; García & Wei, 2014). Tá an páipéar seasaimh seo tábhachtach mar go n-aithníonn sé inmhianaitheacht agus poitéinseal oideolaíocht an trasteangaithe i suíomhanna éagsúla oideachais dhátheangaigh. Ag an am céanna, áfach, soiléirítear srianta na hidé-eolaíochta i gcomhthéacs mionteangacha atá i mbaol. Sa seomra ranga ina bhfuil an Ghaeilge á múineadh, mar shampla, léiríodh nach ndéanfaí mórán cumarsáide trí Ghaeilge nuair a thabharfaí cead do dhaltaí scoile a rogha teanga a úsáid (Hickey, 2001) agus nach féidir leo ‘aschur faoi bhrú’ (Swain, 1993) leordhóthanach a fháil chun ardchumas a bhaint amach sa sprioctheanga. Tá géarghá le hardú feasachta i dtaobh oideolaíocht an trasteangaithe agus le tuiscint a fhorbairt i measc oideachasóirí maidir le tábhacht an chomhthéacs sna suíomhanna oideachais ina gcuirtear i bhfeidhm í. Breathnófar ar dtús ar na féidearthachtaí teagaisc agus foghlama a ghabhann le hoideolaíocht an trasteangaithe.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE