Publication

Iniúchadh ar thionchar an Phiarsaigh ar Mháire agus é ag scríobh Mo Dhá Róisín (1921)

de Bléine, Padaí
Loading...
Thumbnail Image
Identifiers
http://hdl.handle.net/10379/17461
Repository DOI
Publication Date
2021
Type
Article
Downloads
Citation
de Bléine, Padaí. (2021). Iniúchadh ar thionchar an Phiarsaigh ar Mháire agus é ag scríobh Mo Dhá Róisín (1921). Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/z9ed-f242
Abstract
Tháinig an Piarsach ar an tsaol sa bhliain 1879 agus tháinig ‘Máire’ ar an tsaol deich mbliana ina dhiaidh. Sna blianta idir breith an Phiarsaigh agus breith ‘Mháire’ tháinig borradh mór faoi na heagraíochtaí a raibh sé d’aidhm acu an Ghaeilge a athbheochan. Ba sa bhliain 1893 a bunaíodh Conradh na Gaeilge, eagraíocht a mbeadh an bheirt acu ina mball de agus eagraíocht a d’imreodh tionchar nach beag ar a ndearcadh polaitiúil. Go deimhin, scríobh an Piarsach in The Irish Volunteer ar 7 Feabhra 1914 gur cuireadh tús leis an réabhlóid Ghaelach nuair a tháinig seachtar fear le chéile i 9 Sráid Uí Chonaill leis an Chonradh a bhunú. Dhealródh sé ó scríbhinní Mháire gur imir an Piarsach tionchar mór airsean maidir le cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí oideachais. Léirítear an tionchar sin i ndírbheathnaisnéisí ‘Mháire’ – Nuair a Bhí Mé Óg (1942) agus Saol Corrach (1945). Deir Hodgins (2006: 68) go raibh ‘Máire’ go mór faoi anáil scríbhinní an Phiarsaigh, go háirithe ó thaobh cúrsaí oideachais agus polaitíochta de, agus gur minic tagairtí don Phiarsach agus don Murder Machine in Saol Corrach. Is léir ó scríbhinní ‘Mháire’ in Feara Fáil (1933) go raibh ardmheas aige ar an Phiarsach agus é á mholadh go hard as a chuid litríochta agus as a bhua cainte. Is é atá údar an ailt seo ag iarraidh a fháil amach an bhfuil fianaise shoiléir in Mo Dha Róisín (1921), an chéad úrscéal de chuid Mháire a foilsíodh, de thionchar an Phiarsaigh air maidir le cúrsaí polaitíochta, cúrsaí oideachais, cúrsaí creidimh agus stádas na mban agus é á scríobh.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE