Dúchas agus iasacht san amhránaíocht thraidisiúnta faoi réir chás-staidéar ar phobal Charna
Nic Dhonncha, Róisín
Nic Dhonncha, Róisín
Loading...
Identifiers
http://hdl.handle.net/10379/15461
https://doi.org/10.13025/17691
https://doi.org/10.13025/17691
Repository DOI
Publication Date
2019-09-25
Type
Thesis
Downloads
Citation
Abstract
Déantar iniúchadh sa tráchtas seo ar ghnéithe d’amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge nó an amhránaíocht ar an sean-nós mar a thugtar go coitianta uirthi. Is do choincheapa an dúchais agus na hiasachta a thugtar tús áite san iniúchadh sin, agus scrúdaítear iad i gcomhar le cás-staidéar ar sciar de phobal amhránaithe Charna i gConamara. Pléitear coincheapú na hamhránaíochta traidisiúnta mar a tharla sin faoi thionchar ghluaiseacht na hAthbheochana, toisc gur sa tréimhse sin a aithníodh ar bhonn poiblí gurbh ann do stíl shainiúil amhránaíochta Gaeilge sa chéad áit. Bhí díograiseoirí teanga ann sa ré úd a d’fhéach le tús áite a thabhairt d’ealaíona béil na cosmhuintire, dála na hamhránaíochta traidisiúnta, mar bhealach siombalach diúltú don chultúr Gallda. Ar bhonn praiticiúil, áfach, feictear gur baineadh leas as tuiscintí i leith cheol ealaíonta na hEorpa mar fhráma tagartha in éabhlóid an tsean-nóis sa tréimhse sin freisin. Faoin am a ndearnadh athréimniú ar an Oireachtas i 1939, bhí glúin nua díograiseoirí teanga agus cultúir ar an bhfód, rud a d’fhág gur ardaíodh próifíl na Gaeltachta i múnla nua na féile. Tosaíodh ag tarraingt airde ar luachanna a áiríodh a bheith níos dílse don dúchas ó thaobh an tsean-nóis de, ina measc, an bharántúlacht, an bhéalaireacht agus ceart na teanga. Rianaítear freisin sa tráchtas seo roinnt de na cúinsí inar tháinig Carna chun cinn mar cheantar eiseamláireach ó thaobh an tsean-nóis de. Chomh maith le comórtais an Oireachtais, bhí baint ag an mbailiúchán saibhir, toirtiúil a rinne Coimisiún Béaloideasa Éireann sa cheantar leis an dul chun cinn seo. Pléitear an idirghníomhaíocht idir an litearthacht agus an bhéalaireacht i gcomhthéacs an bhailiúcháin seo, agus scrúdaítear an tionchar a bhí ag bailitheoirí amhrán ar thuiscintí na n-amhránaithe féin i leith a gceirde. Ag eascairt as an obair pháirce a rinneadh i measc sciar d’amhránaithe cheantar Charna, aithnítear agus cíortar luachanna agus móitífeanna a thagann chun cinn sa chritic inmheánach, dhúchais i leith an tsean-nóis. San áireamh sa liosta sin, tá feiniméin an leanúnachais agus na cruthaitheachta, an caidreamh idir an t-amhránaí agus an traidisiún, agus coincheapú na haeistéitice.
Publisher
NUI Galway
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland