Drámaí Bunscoile – Ceol agus Amhráin le Fil Uí Dhubhghaill, Micheál Ó Dubhghaill & Jane Shimizu
Ó Síocháin, Dónal
Ó Síocháin, Dónal
Loading...
Files
Publication Date
2025
Keywords
Type
journal article
Downloads
Citation
Ó Síocháin, Dónal. (2025). Drámaí Bunscoile – Ceol agus Amhráin le Fil Uí Dhubhghaill, Micheál Ó Dubhghaill & Jane Shimizu. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/29616
Abstract
Is bailiúchán drámaí é an leabhar Drámaí Bunscoile le Fil Uí Dhubhghaill, Micheál Ó Dubhghaill agus Jane Shimizu a bheadh an-oiriúnach do ranganna Naíonán go Rang a Dó i mbunscoileanna agus i nGaelscoileanna. Tá deich ndrámaí bunscoile nuascríofa sa leabhar. Roinntear na caibidlí ina dtéamaí agus ina scéalta agus cabhraíonn an leagan amach seo leis an eispéireas léitheoireachta, mar cuireann sé scéalta agus drámaí suimiúla le carachtair agus téamaí éagsúla ar fáil. Tá an ceol agus na hamhráin a théann leis na drámaí sa leabhar Drámaí Bunscoile ar fáil ar leathanach Soundcloud Chló Iar-Chonnacht. Tá an Ghaeilge a úsáidtear sna drámaí an-bhunúsach le go leor athrá, rud a fhágann go bhfuil siad an-oiriúnach do pháistí nach labhraíonn Gaeilge sa bhaile lena dtuismitheoirí. Chomh maith leis sin, áfach, beidh múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna in ann an teanga a dhéanamh níos deacra chun cur le caighdeán teanga na bpáistí, tríd an teanga a athrú beagán agus í a dhéanamh níos casta do pháistí a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY