An Scannán Aiste: teicníc eile inste scéil nó seánra ar leithligh? Léiriú an scannáin Fís na Fuiseoige
Ó Coileáin, Aodh
Ó Coileáin, Aodh
Loading...
Identifiers
Publication Date
2017
Type
Article
Downloads
Citation
Ó Coileáin, Aodh. (2017). An Scannán Aiste: teicníc eile inste scéil nó seánra ar leithligh? Léiriú an scannáin Fís na Fuiseoige. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/jdzd-4126
Abstract
San alt seo déantar iniúchadh intleachtúil ar an bpróiseas a bhain le giniúint agus léiriú scannán ealaíne faoi choincheapa ómós áite agus dinnseanchais agus an tionchar atá acu araon ar fhilí áirithe in Éirinn. Craoladh an scannán atá faoi chaibidil, Fís na Fuiseoige, ar choimisiún é de chuid TG4, comh-mhaoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann, ar an 15 Samhain 2016. Facthas an scannán den chéad uair ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2016 (24 Feabhra 2016). Ag pleanáil an scannáin, bhí aird an údair ar an riachtanas atá ann saoithiúlacht agus saíocht na hÉireann a léiriú ar na meáin dhigiteacha. Tugtar faoi deara go bhfuil flosc ar lucht acadúil áirithe a gcuid feasa agus a gcuid eolais a roinnt i mbealaí seachas na modhanna traidisiúnta, seanbhunaithe. Déantar cás don scannán aiste mar mhodh léirithe le haghaidh na n-ábhar ómós áite agus dinnseanchas. Breathnaítear go sonrach ar ghnéithe den phróiseas faoinar thángthas ar aeistéitic don scannán go mór mór na smaointe a nocht Ó Ríordáin i réamhrá ar a chuid filíochta (1986). Tagraítear san alt do chuid den chaibidil atá déanta ag údair áirithe ar rangú an scannáin faisnéise agus ar na hiarrachtaí a dhéantar an scannán aiste a shainiú, go mór mór an plé a rinne Rascaroli (2008), Arthur (2003) agus Nichols (2001). Fiosraítear cuid de na ceisteanna modheolaíochta a bhaineann leis an scannán faisnéise agus pléitear cuid de thréithe an scannáin aiste. Tarraingítear ar an scannán, Fís na Fuiseoige féachaint le hanailís chriticiúil a dhéanamh ar an bpróiseas ealaíne a bhaineann le saothar faisnéise a cheapadh, a phleanáil agus a thabhairt go dtí an scáileán.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE