Scéimeanna Teanga Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: Feidhmiú na Chéad Scéime, Úsáid agus Caighdeán Seirbhísí Dátheangacha
Ní Fhlatharta, Lisa
Ní Fhlatharta, Lisa
Loading...
Identifiers
Publication Date
2013
Keywords
Type
Article
Downloads
Citation
Ní Fhlatharta, Lisa. (2013). Scéimeanna Teanga Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: Feidhmiú na Chéad Scéime, Úsáid agus Caighdeán Seirbhísí Dátheangacha. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/v3vt-n868
Abstract
Réamhrá agus Cúlra Taighde Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ina dhlí ar an 14 Iúil 2003. Is é an chéad phíosa reachtaíochta é ina leagtar síos próiseas pleanála reachtúil lena chinntiú go gcuirfear seirbhísí poiblí ar fáil trí mheán na Gaeilge i ngach eagraíocht stáit agus i ngach comhlacht poiblí. Is é príomhchuspóir an Achta cur le líon agus le soláthar seirbhísí trí mheán na Gaeilge. Ar iarratas ón Aire, faoi Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, bíonn ar eagraíochtaí stáit agus ar chomhlachtaí poiblí Scéim Teanga a chur i dtoll a chéile agus í a fhaomhadh agus a dhaingniú leis an Aire Stáitsa Roinn Ealaíon,Oidhreachta agus Gaeltachta. Leagtar amach sa Scéim Teanga na beartais agus na seirbhísí dátheangacha a bheartaíonn an eagraíocht/an comhlacht a chur i bhfeidhm agus a chur ar fáil laistigh de thréimhse na scéime teanga. In Iúil 2005, dhaingnigh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉ Gaillimh) an chéad scéim teanga (2005-2008) leis an Aire Éamon Ó Cuív a bhí sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag an am. Faomhadh dara scéim teanga OÉ Gaillimh (2012-2015) faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 leis an Roinn i mí Dheireadh Fómhair 2012. Tá go leor taighde déanta ar reachtaíocht teanga, ar bheartas agus ar pholasaí teanga ag Grin (2003), Ó hIfearnáin (2006), agus Ó Catháin (2007); ar phleanáil teanga ag Ó Giollagáin (2012) agus ar cheisteanna a bhaineann leis an dátheangachas i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ag Walsh (2013, 2011, 2010), (Walsh & McLeod 2007). Is beag taighde atá déanta, áfach, go dáta ar fheidhmiú na scéimeanna teanga ná ar éileamh, ar úsáid ná ar sholáthar na seirbhísí dátheangacha atá cruthaithe ag na scéimeanna de bharr na mbeartas agus na ngealltanas atá sonraithe iontu. Tabharfaidh an páipéar seo léargas ar chúlra reachtúil agus ar ról stairiúil na Gaeilge in OÉ Gaillimh agus déanfar cur síos ar fheidhmiú na chéad scéime in OÉ Gaillimh chomh maith. Déanfar scagadh ar fheasacht agus ar thuiscint rannpháirtithe an tsuirbhé i leith an Achta agus léireofar tuairimí agus taithí na mac léinn i leith na seirbhísí Gaeilge in OÉ Gaillimh. Cuirfear moltaí i dtoll a chéile bunaithe ar na pointí thuasluaite.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE