Aistriúchán ar úrscéal do pháistí: an cur chuige, céimeanna an aistriúcháin agus an toradh
de Bléine, Padaí
de Bléine, Padaí
Loading...
Identifiers
Publication Date
2020
Keywords
Type
Article
Downloads
Citation
de Bléine, Padaí. (2020). Aistriúchán ar úrscéal do pháistí: an cur chuige, céimeanna an aistriúcháin agus an toradh. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/dq54-ks07
Abstract
Tá an t-alt seo bunaithe ar eolas a tháinig chun cinn le linn aistriúcháin go Gaeilge a rinneadh ar an úrscéal Béarla Toro! Toro! le Michael Morpurgo. Rinneadh an t-aistriúchán mar chuid de thogra a bhí ag Comhairle Curcalaim Scrúdúcháin agus Measúnaithe Thuaisceart Éireann nó Council for the Curriculum, Examinations and Assessment (CCEA), leabhair Ghaeilge a chur ar fáil do pháistí i nGaelscoileanna i dTuaisceart Éireann. Is é ceann de na dualgais atá ar CCEA áiseanna teagaisc atá dírithe ar fhorbairt an eolais, na scileanna agus na gcroí-ábhar in Curaclam Thuaisceart Éireann a sholáthar do na Gaelscoileanna ó thuaidh. Tá an leagan Gaeilge den úrscéal Toro! Toro! ar fáil ar shuíomh idirlín CCEA mar pdf agus d’fhoilsigh CCEA i bhfoirm leabhair fosta é. Tugtar léargas san alt seo ar roinnt de na ceisteanna a tháinig chun cinn le linn an aistriúcháin go Gaeilge ar an úrscéal. Pléitear an tábhacht atá le haistriúcháin ar leabhair do pháistí Gaelscoile, an dóigh a roghnaítear leabhair, na rudaí a spreagann páistí chun léitheoireachta agus cuid de na cinntí a bhíonn le déanamh ag aistritheoirí agus iad i mbun oibre. Is é an cur chuige a bhí ann ná: athbhreithniú litríochta le himscrúdú a dhéanamh ar a bhfuil scríofa sa litríocht reatha maidir le teoiricí aistriúcháin agus le haistriúcháin don duine óg, agallaimh le comhairleoir na nGaelscoileanna in Comhairle Curcalaim Scrúdúcháin agus Measúnaithe Thuaisceart Éireann (CCEA) agus leis an chomhairle oideachais san Áisaonad i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, lena dtuairimí a fháil ar leibhéal teanga na bpáistí i rang a sé / seacht agus ar na riachtanais atá acu, an chéad daichead leathanach den úrscéal Toro! Toro! aistrithe go Gaeilge a sheoladh chuig deichniúr múinteoirí atá ag obair in Eochairchéim a Dó – is é sin i rang a sé / seacht i nGaelscoileanna ó thuaidh, agus comhairle a iarraidh orthu maidir leis an teanga agus an téacs féin.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE