‘Is linne í an Ghaeilge / All of us, not just some’: Díospóireachtaí faoin Úinéireacht Teanga san Fhilíocht Bhéil Dhátheangach
Philbin, Alexandra
Philbin, Alexandra
Loading...
Identifiers
http://hdl.handle.net/10379/17451
Repository DOI
Publication Date
2022
Type
Article
Downloads
Citation
Philbin, Alexandra. (2022). ‘Is linne í an Ghaeilge / All of us, not just some’: Díospóireachtaí faoin Úinéireacht Teanga san Fhilíocht Bhéil Dhátheangach. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/eyfn-w376
Abstract
‘Is le gach duine sa tír an Ghaeilge, óg agus aosta’. Is abairt í seo ón óráid a thug an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, sa Dáil i mí an Mhárta 2022, mar chuid den díospóireacht faoi Sheachtain na Gaeilge (Tithe an Oireachtais, 2022). Tugtar le fios san abairt nach samhlaítear teorainn leis an ngrúpa sa tír a mbaineann an teanga leo. Is féidir an abairt seo a thuiscint mar fhreagra, freagra ar thuiscint idé-eolaíoch eile ar an teanga, a mhaíonn go mbaineann an teanga le grúpa daoine ar leith. Mar a chuireann Coleman in iúl, tá an dá thuiscint seo ag cómhaireachtáil sa dioscúrsa ar an nGaeilge in Éirinn: samhlaítear an Ghaeilge mar theanga a bhaineann le gach duine (mar chuid d’oideachas na Poblachta, ina bhfuil sí ina hábhar éigeantach) agus samhlaítear an Ghaeilge mar theanga a bhaineann le grúpa áirithe sa tír (uasaicme na cathrach nó cainteoirí laethúla Gaeltachta, cuir i gcás) ag an am céanna (Coleman, 2004: 382). Is féidir an úinéireacht teanga mar choincheap a bhrath leis na tuiscintí idé-eolaíocha seo. Is freagraí iad araon ar an gceist: Cé leis an Ghaeilge? San alt seo, déanfar anailís ar na tuiscintí ar an gceist seo in dhá dhán dhátheangacha a cuireadh amach le gairid: ‘Maidir le Stepping on Toes’ (2020) le Cian Ó Gríofa agus ‘Siúcra’ (2021) le Roxanna Nic Liam.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE