Publication

Léirmheas ar Máirtín Ó Cadhain 2020 in eagar ag Eoin Mac Cárthaigh & Pádraig de Paor.

Uí Loingsigh, Joanne
Citation
Uí Loingsigh, Joanne. (2025). Léirmheas ar Máirtín Ó Cadhain 2020 in eagar ag Eoin Mac Cárthaigh & Pádraig de Paor. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/29615
Abstract
Tá an cur síos a dhéantar ar shaothar an Chadhnaigh sa leabhar seo bunaithe ar pháipéir a léadh ag comhdháil a d’eagraigh Roinn Gaeilge Choláiste na Tríonóide, ar an 20 Samhain 2020. Deich gcinn d’ailt atá sa leabhar leis na húdair seo leanas: Cathal Ó Háinle, Máirín Nic Eoin, Micheál Briody, Gearóid Denvir, Máire Ní Annracháin, Caitlín Nic Íomhair, Ian Ó Caoimh, Alan Titley, Colm Ó Cuaig & Charles Dillon agus Pádraig de Paor. Is léir go ndeachaigh saothar an Chadhnaigh i bhfeidhm go mór orthu ar fad. Scríbhneoir den scoth a bhí i Máirtín Ó Cadhain agus é ábalta léargas chruinn a thabhairt ar shaol agus ar phobal Chois Fharraige. B’fhear Gaeltachta a bhí ann, ach chomh maith leis sin, ba phoblachtach é a bhí sáite i gcúrsaí feachtais agus oideachais. Bhí baint ag an gCadhnach le Coláiste an Tríonóide ón tréimhse a chaith sé ag teagasc ann, agus tá an chuid is mó de pháipéir phearsanta Mháirtín Uí Chadhain lonnaithe i seomra na lámhscríbhinní san ollscoil sin.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY