Publication

Conspóidí an Ghúim: Léargas óna Chartlann

Ní Uigín, Dorothy
Citation
Ní Uigín, Dorothy. (2014). Conspóidí an Ghúim: Léargas óna Chartlann. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/kspj-5270
Abstract
Ó bunaíodh an Gúm sa bhliain 1926, tá sé ar cheann de na comhlachtaí foilsitheoireachta is bisiúla in Éirinn. San alt seo, áfach, breathnaítear ar roinnt de na conspóidí a bhain leis an nGúm sna blianta luatha tar éis a bhunaithe agus tarraingítear ar ábhair as Cartlann an fhoilsitheora (ar fáil sa Chartlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath), chun léargas a fháil ar cheisteanna tábhachtacha a bhain leis an nGaeilge sna 1930í agus 1940í ach go háirithe. Breathnaítear go sonrach ar cheisteanna a bhain leis na deontais a bhí ag an nGúm sa tréimhse atá i gceist agus ar thionchar an Ghúim ar cheist an chló i gcás scríobh na Gaeilge. Tá tábhacht ar leith leis na ceisteanna seo, mar go raibh scríobh agus foilsiú na Gaeilge san 20ú haois múnlaithe cuid mhór ag imeachtaí a tharla sa Ghúm nó a bhain leis.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE