Publication

Gach díograis go deireadh: Bailiúchán náisiúnta an bhéaloidis i dTeileann, iardheisceart Thír Chonaill, 1935-1976

Ní Churraighín, Aisling
Citation
Abstract
Sa tráchtas seo, dírítear ar shaothar Sheáin Uí Eochaidh (1913-2002) agus a líonra seanchaithe i dTeileann idir 1935-1976. Le linn dó a bheith ag obair mar bhailitheoir de chuid Choimisiún Béaloideasa Éireann (1935-1971), chothaigh Ó hEochaidh caidreamh oibre ar leith le líonraí seanchaithe ar fud Ghaeltachtaí Thír Chonaill. Ní nach ionadh go raibh luí faoi leith aige leis na líonraí béaloidis ina cheantar dúchais i dTeileann ─ an áit ar fhoghlaim sé a cheird. Déantar mionchíoradh ar chuid de na príomhcheisteanna a thógtar in The Gaelic Storyteller sa tráchtas trí anailís thiubh chomhthéacsúil a dhéanamh ar na gnéithe seo a leanas: tionchar na scoláirí idirnáisiúnta, scéalaíocht na bhfear, seanchas na mban, agus an teach áirneáil i dTeileann. Léirítear an fiúntas a bhaineann le taighde comhthéacsúil corpasbhunaithe a dhéanamh ar na líonraí seanchaithe a mbíodh na bailitheoirí béaloidis de chuid an Choimisiúin ag tarraingt orthu. Leagann an mhionanailís chomhthéacsúil a dhéantar ar shaothar na seanchaithe béim ar an tsochaí inar mhair siad agus ar na noirm shóisialta a bhí i réim le linn do Sheán Ó hEochaidh a bheith ag saothrú mar bhailitheoir béaloidis gairmiúili dTeileann. Tuiscint lárnach de chuid an tráchtais is ea tábhacht na spásanna ina ndéantaí an t-ábhar a sheachadadh. Trí ghrinnstaidéar a dhéanamh ar bhailiúchán Uí Eochaidh i dTeileann, faightear tuiscint níos doimhne agus níos iomláine ar an bhealach ar chuir saothar an bhailitheora áitiúil le clú an cheantair agus le cruthú na cartlainne béaloidis i gcoitinne.
Publisher
NUI Galway
Publisher DOI
Rights
Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland