Publication

Agallamh Oisín agus Phádraig: téacs agus tráchtaireacht

Ní Mhurchú, Máire Síle
Citation
Abstract
Agallamh Oisín agus Phádraig: Téacs agus Tráchtaireacht Máire Síle Ní Mhurchú Staidéar ar an bhfás a tháinig ar an Laoi Fiannaíochta dar tús A Oisín is fada do shuan (Agallamh Oisín agus Phádraig) ón gcóip is luaithe i lámhscríbhinn Dhuanaire Finn (39 rann, Aodh Ó Dochartaigh a ghraf sna blianta 1626-7) go dtí na cóipeanna is deireanaí a grafadh sa naoú céad déag agus a bhfuil go maith os cionn míle rann i mórán acu. Cur síos ar na cóipeanna sna lámhscríbhinní agus eagrán den Agallamh agus deich laoi eile a cuireadh leis, maille le nótaí téacsúla. Tá an t-eagrán bunaithe ar an téacs atá sa lámhscríbhinn Harvard Ir. ms. 10, a ghraf Mícheál Ó hArragáin sa bhliain 1800.
Funder
Publisher
Publisher DOI
Rights