Comóradh Liteartha Ilghnéitheach ar Chathair na Gaillimhe: Léirmheas ar Gaillimh: Díolaim Cathrach
Whelton, Marie
Whelton, Marie
Loading...
Identifiers
Publication Date
2022
Keywords
Type
Article
Downloads
Citation
Whelton, Marie. (2022). Comóradh Liteartha Ilghnéitheach ar Chathair na Gaillimhe: Léirmheas ar Gaillimh: Díolaim Cathrach. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/4pyx-rr92
Abstract
Ainmníodh Cathair na Gaillimhe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 ach bhí ar na heagraithe go leor de na himeachtaí a bhain le ‘Gaillimh 2020’ a chur in oiriúint d’ardáin fhíorúla seachas d’ardáin bheo na bliana cinniúnaí sin. Cé go mba dhúshlán é, sna cúinsí sin, an Ghaeilge agus litríocht na Gaeilge a chur ‘i lár an aonaigh liteartha agus cultúrtha’ (21), is ábhar ceiliúrtha é do litríocht na Gaeilge gur éirigh le Brian Ó Conchubhair an cnuasach téagartha ilghnéitheach seo – Gaillimh: Díolaim Cathrach – a chur in eagar mar chuid den chomóradh. 435 leathanach san iomlán atá ann agus é roinnte ina dhá leath. Sa chéad chuid, tá rogha thuisceanach gearrscéalta agus sleachta as úrscéalta agus sa dara cuid, tá rogha leathan dánta. Tá píosaí litríochta san áireamh ó fhathaigh iomráiteacha na litríochta Gaeilge, ó scríbhneoirí áitiúla Gaeltachta, ó scríbhneoirí comhaimseartha Gaeilge chomh maith le saothar ó dheichniúr banfhilí ar iarradh orthu go speisialta dánta a chur ar fáil don chnuasach chun cothromaíocht inscne níos fearr a chinntiú sa díolaim (21). Cuireann an t-eagarthóir Réamhrá cuimsitheach léannta ar fáil ag tús an chnuasaigh agus nótaí beathaisnéise agus comhthéacsúla roimh gach píosa litríochta. Tá na nótaí réamhráiteacha sin spreagúil agus úr agus ní leanann siad teimpléad ar leith. Ag deireadh an leabhair, tá eolas treorach bibleagrafaíoch. Baineann gach píosa litríochta le gné éigin de shaol na cathrach agus cuimsítear tréimhsí éagsúla staire ó na Meánaoiseanna go dtí an lá atá inniu ann. An cheist is mó a eascraíonn don léirmheastóir, tá sí ardaithe ag an eagarthóir sa Réamhrá: ‘Cén léargas a thugtar ar Chathair na dTreabh sa litríocht?’ (11). Cé nach bhfuil freagra simplí ar an gceist sin agus cé nach bhféadfaí freagra cuimsitheach a thabhairt uirthi in alt léirmheasa gearr, déanfar iarracht blaiseadh a thabhairt don léitheoir ar an íomhá de Ghaillimh a eascraíonn ón díolaim faoi thrí cheannteideal éagsúla. Beidh sé soiléir go léirítear Gaillimh sa litríocht atá tiomsaithe sa chnuasach mar áit shainiúil eisceachtúil lena tréithe, lena logainmneacha (21) agus lena saincheisteanna teanga, tíreolaíochta agus oidhreachta féin (13), ach beidh sé soiléir, freisin, gur íomhá ilghnéitheach fhairsing bheo de ‘Ghaillimh na Líog Lígheal’ (11) a thagann chun cinn – íomhá de chathair atá ar aon dul le cathair idirnáisiúnta ar bith eile sa mhéid is go bhfuil éagsúlacht an chine dhaonna agus an tsaoil ar fáil inti.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE