Athbhreithniú scóipe ar inspreagadh fhoghlaim na Gaeilge
Ní Shluáin, Méabh
Ní Shluáin, Méabh
Loading...
Files
Publication Date
2025
Keywords
Type
journal article
Downloads
Citation
Ní Shluáin, Méabh. (2025). Athbhreithniú Scóipe ar Inspreagadh Fhoghlaim na Gaeilge. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/29627
Abstract
Ba líonmhaire cainteoirí Gaeilge, a raibh an Ghaeilge mar dhara teanga (T2) acu, ná líon na gcainteoirí dúchais sna daonáirimh a rinneadh thuaidh agus theas in 2016 agus in 2011 (Walsh, 2019). D’fhéadfaí a thomhas, ag breathnú ar an mhéadú atá tar éis teacht ar líon na gcainteoirí T2 ó shin (CSO, 2022; NISRA, 2021), gurb amhlaidh an scéal fós. Shealbhaigh formhór na gcainteoirí seo a gcumas teanga tríd an chóras oideachais ach thosaigh cuid acu ar an Ghaeilge agus iad ina bhfoghlaimeoirí fásta. Braitheann sealbhú na Gaeilge, a bheag nó a mhór, ar chomhthéacs na scoile agus, in ainneoin díospóireachtaí amhail stádas éigeantach na teanga, bronnadh na ndíolúintí nó an fhoghlaim de ghlanmheabhair, leanann neart daltaí ar aghaidh léi fós go leibhéal na hollscoile (Ní Fhrighil & Nic Eoin, 2009). Cibé cúrsa a bhíonn ar siúl ag na mic léinn, mar aon le daoine fásta a fhilleann ar fhoghlaim na Gaeilge nó a thosaíonn uirthi ó bhonn, tá siad tar éis cinneadh comhfhiosach a dhéanamh cur lena gcuid foghlama sa teanga. Is ábhar spéise é na cúiseanna a bhaineann leis an chinneadh sin a fheidhmíonn mar inspreagadh tosaigh na bhfoghlaimeoirí. Is tábhachtaí fós na cúiseanna nuair a smaoinítear ar an inspreagadh mar cheann de na gnéithe is suntasaí den phróiseas foghlama a chuireann le rath an tsealbhaithe teanga (Dörnyei & Ushioda, 2021).
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY