Publication

Ag foghlaim Gaeilge i mbunscoileanna T2: taithí agus tuairimí na bpáistí

Nic Fhionnlaoich, Fiona
Citation
Nic Fhionnlaoich, Fiona. (2022). Ag foghlaim Gaeilge i mbunscoileanna T2: taithí agus tuairimí na bpáistí. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/t4q7-9f60
Abstract
Díríonn an páipéar seo ar thaithí páistí i mbunscoileanna T2 ar fhoghlaim na Gaeilge. Go dtí seo tá guth na bpáistí in easnamh ón taighde agus ón bplé faoi mhúineadh agus faoi fhoghlaim na Gaeilge agus dhírigh an staidéar seo ar an mbearna seo. Is scoileanna T2 iad 92% de na bunscoileanna (Roinn Oideachais & Scileanna, ROS, 2019a) agus múineann an múinteoir ranga an Ghaeilge mar ábhar go laethúil i ranganna na naíonán sóisearach (5 bliana d’aois) go rang a sé (12 bhliain d’aois). Sa tuairisc An Ghaeilge sa Bhunscoil (Cigireacht/ROS, 2007: 41), inar díríodh ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na Gaeilge i scoileanna T2, dúradh go raibh múineadh na Gaeilge ‘lag’ nó ‘le forbairt’ i leath de na seomraí ranga, agus is 32% de na ceachtanna nár múineadh trí Ghaeilge. Nuair a bhí an mhúinteoireacht ‘lag’, bhí an bhéim ar théacsleabhair agus ar an múinteoir amháin ag caint agus ní raibh fianaise ann go raibh na páistí gafa leis nó ag baint taitneamh as an nGaeilge. Sna tuairiscí is déanaí ón gCigireacht, bhí fadhbanna le caighdeán foghlama na bpáistí in aon cheathrú de cheachtanna Gaeilge, agus bhí na torthaí a bhain leis an nGaeilge níos diúltaí ná mata nó Béarla (Cigireacht/ROS, 2013; 2018, 2022). Bhain an t-eolas seo le scoileanna T1 agus T2 agus níor cuireadh miondealú ar fáil.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE